Wednesday, August 28, 2013

Táirgí Folmha na Míosa Seo

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Mar go bhfuil deireadh na míosa tagtha, seo hiad na táirgí (products) go léir atá folmhaithe agam. Uaireanta le táirgí áirithe, tógann sé míosa iad a úsáid suas agus le táirgí eile, is féidir iad a úsáid i gcúpla seachtain ach seo na rudaí a bhí á chur agam sa bhruscar bhrúscar nuair a bhíos ag glanadh mo sheomra níos luaithe inniu. 
1. Head&Shoulders
2. Sprae Gruaige Silvikrin
3. Folcadh Béil Listerine
4. Uachtar Gréine Nivea
5. Cumhrán Lacoste
6. Primeálach súil Urban Decay

Úsáidim seampú Head&Shoulders an t-am ar fad chun cabhrú le sail chnis (dandruff). Feicim an-difríocht i mo chuid gruaige má úsáidim seampú eile nach gcabhraíonn le plait (scalp) tirim. Níl sé ró-chostasach i gcomparáid le seampúnna eile a dhéanann difríocht do do chuid gruaige. 
Ní úsáidim an sprae gruaige céanna an t-am ar fad ach caithfidh mé a rá gur é Silvikrin amháin dos na brandaí is fearr liom. Nuair a bhíothas sa Ghaeltacht, d'úsáid mé mo thrilseacháin gruaige go minic agus mar sin, rith an sprae gruaige amach an bhuidéal!
Cúpla seachtain ó shin, thosaigh mé ag úsáid folcadh béil tar éis m'fhiacla a scuabadh. Braitheann sé níos fearr tar éis é a úsáid agus taitníonn an ceann seo liom mar nach bhfuil an blas ró láidir. 

Nuair a bhíos ag obair i Mí Iúil, chaith mé uachtar gréine beagnach gach lá mar go raibh an ghrian i gcónaí ag scoilteadh na gcloch agus ansin, sa Ghaeltacht, chuir mé é orm cúpla uair. Anois, slán go fóill don bhuidéal sin mar tá an t-uachtar gréine comh maith leis an ghrian imithe! 

Fuair mé an cumhrán seo mar bhrontannas Nollag agus anois tá brón an domhain orm go bhfuil sé imithe. Ba é seo mo chéad buidéal do Lacoste Touch of Pink agus thaithin sé go mór liom. Is cinnte go gceannóinn arís é!
Úsáidim an "Cleansing Face Wash" seo as "Creightons Perfectly Clear" ar m'aghaidh gach uair a bhím sa chith agus ligeann sé orm a cith a fhágáil ag braitheamh níos fearr. 
Tá an primeálach seo a tháinig in éineacht leis amháin dos na pailéid scáthú súl atá agam as "Urban Decay" imithe anois. Bíonn an-difríocht idir scáthú súl a chur orm leis seo agus é a chur orm gan seo. Fanann an scáthú súl ar do shúile a lán níos fearr más úsáidtear primeálach. 

Sionainn, x.

4 comments:

  1. Tá an blag seo ar fheabhas ar fad, obair iontach!

    ReplyDelete

  2. Hello,

    we provide affordable and result-oriented SEO services, please give a chance to serve you.


    Thanks
    Admin: E07.net

    ReplyDelete
  3. Is airgead mé ó Garman, bhí mé pósta 8 mbliana ó shin gan leanbh, bhí mé ag lorg réiteach go géar mar dúirt an dochtúir nach féidir liom a bheith torrach, ach threoraigh cara liom mé chuig caster litrithe darb ainm Dr white, agus mise mhínigh sé mo chuid fadhbanna dó agus gheall sé go mbeidh gach rud ceart go leor liom i gceann 12 lá, thug sé roinnt treoracha dom a rinne mé go foirfe, chuaigh mé chuig an ospidéal le haghaidh tástála agus dheimhnigh siad go raibh mé 1 sheachtain ag iompar clainne, agus anois tá mé Tá toircheas eile ag mo mhac álainn agus anois, go raibh maith agat, a Dr bán, déan teagmháil leis le réiteach de gach cineál,

    1) más mian leat do Ex.
    2) más mian leat geasa a bheith torrach.
    3) más mian leat stop a chur le breith anabaí.
    4) más mian leat go mbeadh grá ag duine duit.
    5) geasa chun gach cineál breoiteachta nó galair a leigheas.
    Agus Daoine eile.
    tá sé an chuid is fearr agus an-fhírinne ,. wightmagicmaster@gmail.com. WhatsApp: +17168691327

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com