Friday, September 21, 2012

Cúram Cos sa Siopa "Penneys"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá réimse cúram cos (footcare) amach sa siopa "Penneys". Tá gach rud ann chun cabhrú leat le aon fhadhbanna a bhíonn agat le do bhróga. Fiú amháin go raibh a lán rudaí éagsúla le ceannach, níor cheannaigh mé ach ceann amháin. Bhí ráille ann le rudaí éagsúla a dhéanann obair difriúila ar do chosa. 
Tá praghas difriúil ag gach sórt rud. Ceapaim go dtéann siad ó euro amháin caoga go dtí trí nó ceithre euro. Ní bhíonn daoine ag caint faoi fhadhbanna cosa go minic ach tá cabhair saor le fáil sa siopa seo. 

Is é an rud a cheannaigh mise ná péirí cuisíní. Uaireanta, caithim pumpaí agus ní bhíonn sála ró mhaith acu. 
Is féidir leat iad seo a cheannach i gcomhair 3 euro, cósúil le boinn istigh (insoles) ach tá cuisíní sa áit ina mbíonn do shála agus cuisíní eile san áit ina mbíonn liathróidí do chosa (balls of feet). Tá taobh amháin greamaitheach (sticky) agus mar sin, bíonn tú in ann iad a chur isteach i bpéire bróga. 

Comh maith le sin, tá rudaí le ceannach ann chun cabhrú le cloig (blisters), bróga sál ard agus fadhbanna eile a bhíonn ag daoine lena gcosa chun ár saoil a dhéanamh níos compordaí. 

Ar chonaic tú an réimse nua seo? An úsáideann tú aon rud chun do chosa a choimeád sláintiúil? 




1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com