Dia dhaoibh Sionainn anseo,
Tá leagan amach nua ag Paisean le hAghaidh Faisean ó inné. Is leagan amach úr agus difriúil é le meirge (banner) ag an mbarr.
Feictear duilleoige ag na taobhanna mar go bhfuil an samhradh beagnach imithe agus an fómhar ag teacht.
Táim tar éis na giurirléidí a athrú agus cúpla cinn nua a chur ar an mblag freisin.
Tá sé soiléar go bhfuil Paisean le hAghaidh Faisean ag éirí níos coitianta.
Táimid ar an treo go dtí 10,000 amhairc bheith againn.
Má tá aon cheisteanna agat faoi rud éigin, braith saor chun trácht a fágáil ag rá "An féidir leat post a dhéanamh faoi..." nó rud éigin mar sin.
Súil agam go bhfuil sibh ag baint taitneamh as an mblag agus an leagan amach nua.
Leagan amach nua iontach
ReplyDeleteTá sé go hálainn
ReplyDeleteis brea liom é
ReplyDelete