Friday, July 6, 2012

Éadaí Astacach

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Fuair mé seans inné chun beagáinín siopadóireacht a dhéanamh. 
Chuas go dtí River Island agus cúpla siopa eile. 
Fiú amháin gur thosaigh an díolachán ar an Máirt, bhí a lán rudaí fós fágtha ach ceapaim go raibh an cuid is mó dos na margaí is fearr imithe. 
Seo é amháin dos na rudaí a cheannaigh mé ann. 
Bhí an geansaí seo 32 euro ag an tús agus d'íoc mé 14 euro as. 
Fiú amháin go bhfuil geansaí rabhar le húda é, tá na dathanna an- oiriúnach don samhradh. 
Tá lán na dathanna an- gheal- péitseog, glas mionta agus líológ. 
Is é an sórt dearadh atá ar ná dearadh Astacach (Aztec Design). 
Tá an dearadh seo mó réilimh an séasúr seo agus tá sé á chaitheamh ag gach duine ar phíosaí éadaí éagsúla-jíons, luiteoga (leggings), t-léinte, cairdeagain, bandaí gruaige, bróga agus geansaithe. 
Tá éadaí le priontaí treibhe (tribal prints) ar dhíol lán timpeall na háite agus tá siad fiorfe don samhradh. 

Seo íomhá a chruthaigh mé le héadaí Astacach atá ar dhíol sa siopa "New Look". 
Seo iad na praghasanna atá ar na héadaí sa phictiúr:

1. Luiteoga- 32.99
2. T-Léine- 14.99
3. Buataisí- 24.99
4. Mála- 17.99
5. Spéaclaí Gréine- 6.99
6. Fáinne Cluaise- 3.99
7. Bríste Gearr- 24.99
8. Bróga Sál Ard- 119.99
9. T-Léine- 11.99
10. Stocaí- 2.50

Bíonn éadaí Astacach an- dathannach. 
Uaireanta, bíonn pastail i gceist agus chomh maith le sin, bíonn siad le fáil i ndathanna fluaraiseach chomh maith le dathanna normálta. 
Chun lán na héadaí Astacach atá ar dhíol i New Look a fheiceáil, cliceáil anseo
Chun lán na héadaí Astacach atá ar dhíol i River Island a fheiceáil, cliceáil anseo


An bhfuil aon éadaí Astacach agat? 

Slán, x. 


1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com