Sunday, June 24, 2012

Smideadh- "Bare Escentuals"

Dia dhaoibh, Sionainn anseo. 

Inniu beidh mé ag caint faoin smideadh "Bare Escentuals" atá ar dhíol sna siopaí "Brown Thomas" agus "Debenhams". 
Tá craiceann an- tirim agam agus mar sin, nuair a chuirim bonnsmideadh ar m'aghaidh, bíonn paistí i gcúpla áit. 
Cúpla mí ó shin, chuas go dtí "Brown Thomas" ag lorg bonnsmideadh go ndéanfadh maitheas do mo chraiceann féin agus ceann go bhfanfadh ar m'aghaidh fiú amháin go raibh mo chraiceann beagáinín tirim. 
Chuas go dtí an cuntar "Bare Escentuals" agus d'inis an cailín ann dom gur smideadh speisialta é seo. 
Ba sórt púdar é an bonnsmideadh ón gcuntar seo ach níor phúdar normálta é. 
Bhí an bonnsmideadh déanta as mianraí (minerals) agus mar sin, d'oibrigh an na mianraí lena olaí (oils) i do chraiceann chun féachaint mar bonnsmideadh leactach (liquid foundation). 

Cheannaigh mé paca tosaithe i gcomhair seasca euro ag an tús. 
Anois, tá na scuaba sin fós agam ach tá an bonnsmideadh agus na rudaí eile imithe. 
Ach tá bonnsmideadh "Bare Minerals" fós á chaitheamh agam mar gur cheannaigh mé na rudaí ar leithligh tar éis sin. 
Chomh maith leis an mbonnsmideadh, úsáidim mascara agus donnaitheoir ón gcúntar sin freisin.


Cliceáil anseo chun an suíomh a fheiceáil nó má tá suim agat sa smideadh seo, téigh go dtí "Brown Thomas" agus beidh na oibrithe sásta cabhrú leat ag piocadh an dath ceart leatsa. 

Cén bonnsmideadh ina úsáideann tusa? 

Slán, x.

2 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com