Monday, June 18, 2012

Seodra Don Samhradh

Dia dhaoibh, Sionainn anseo. 

Bhuel, seo é an seodra is mó réilimh don samhradh seo. 


Seo iad cufaí cluasa.
Níl péire agam fós ach tá siad á chaitheamh ag gach duine. 
Seo iad cúpla péire as "River Island". 
Ní chaitheann tú ach ceann amháin ar chluas amháin. 
Bheadh na cluaiseanna seo go deas ag dul amach le do chuid gruaige síos. 
Tá na cinn seo idir ceithre agus seacht puint. 
Mar sin, nil siad an-saor nó an- chostasach ach ceapaim go bhféacann siad an- fhaiseanta ar dhéagóirí. 


Ansin, tá na muincí. 
Tá amháin dos na muincí seo á lorg ag lán mo chairde ach bíonn deacrachtaí ag gach duine ceann a fháil. 
Níor chonaic mé iad ar dhíol in aon siopa i Luimeach. 
Cheannaigh mé mo cheann sa Daingean agus tá ceann ag mo chara Carolín a cheannaigh sí sa Ghaillimh. 
Tá siad á chaitheamh ag gach duine i ngach áit... ag dul go dtí na dioscónna, ar scoil, sa sráidbhaile. 
Is féidir leat iad a cheannach ar an idirlíon freisin. 
Ní raibh mo cheann ach trí euro agus mar sin, is muincí an- saor iad. 

Slán, x.


No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com