Thursday, June 28, 2012

Bráisléid Nua

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá sórt bráisléid nua amach atá á chaitheamh ag gach duine. 
Níl ceann agam fós ach feictear iad lán timpeall na háite. 
Tá siad ar dhíol i gcúpla stíl sa siopa "River Island". 
Tá na bráisléid seo idir praghas saor agus daor. 
Tá siad idir 12 agus 16 euro sa siopa "River Island" agus tá siad ar dhíol i siopaí eile freisin chomh maith le "Ebay". 
Seo iad sé cinn atá le fáil i "River Island". 
Bíonn na bráisléid déanta as sórt sreang ildaite agus ansin, bíonn cúpla liathróid de diamaint idir an sreang. 
Bíonn na liathróidí cósúil le criostail "Swarovski" ach ní bhíonn criostail "Swarovski" fíor i gceist ar ndóigh mar nach chosnaíonn na bráisléid seo ach 12 nó 16 euro. 

Cliceáil anseo chun na cinn atá ar dhíol ar "Ebay" a fheiceáil. 
Cliceáil anseo chun na cinn atá ar dhíol i "River Island" a fheiceáil. 

Ar chonaic tú éinne ag caitheamh amháin dos na bráisléid seo? 

Slán, x. 

1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com